IRISH Gaeilge

 

 

Eaglais na Croise Naofa

 

Is sean fhocal Shasanach é “Rude”, a chiallaionn “Crois an Chéasta".

 

Bhunaigh an Rí Daithí 1 an chéad eaglais ar an suíomh seo sa bhIiain 1129 ach dóadh é sa bhliain 1406. Go gairid ina dhiaidh sin dheonaigh an Tiarna Chamberlain ó Albain go dtógfaí eaglais nua agus chríochnaíodh corp na h-eaglaise sin, an taobhroinn ó dheas agus an túr timpeall na bliana 14l4. Tá an chuid seo den eaglais, leis na crainn taca Albanacha, na h-áirsí Gotacha agus an díon a tógadh leis an bun-adhmaid darach, beagnach mar a bhí se nuair a tógadh é don chéad uair.

 

Toisc nach raibh an eaglais mór go leor don bpobal, tógadh an córlann (an chuid thoir) idir 1507 agus 1546. Ceardaithe áitiúla, faoi stiúriú spreagúil an t-saoirmháistir John Coutts, a rinne an obair seo.

 

Sa bhliain 1656 bhí easaontas idir beirt ministéiri eaglaise agus a Iucht leanúna agus thóg comhairle an bhaile fochra san áit ina bhfuil an trasnú anois. Bhí dhá eaglais ann ansin - an Eaglais Thoir agus an Eaglais Thiar - agus a mhinistéir fhéin ag gach ceann acu. Lean an stáid seo go dtí 1935 nuair a aontaíodh an dá phobal faoi mhinistéir amhain.

 

Rinneadh athchoimriú mór idir na bliana 1936-1940. Tógadh amach an balla roinnte; cuireadh leis an dá chroslann; tógadh díon an trasnú; ardaíodh na h-urláir sa chórlann agus sa saingeal agus tógadh beistrí agus teach seisiúin faoi urlár na córlainne.

 

Idir 1965 agus 1968 rinneadh breis athchoimriú - an uair seo ar chlocha na bhfuinneog. Cuireadh isteach clocha nua in áit na gceann a bhi meathaithe; rinneadh poinnteáil ar na clocha go léir agus cuireadh isteach córas teasa. Sa bhliain 1970 athchrochadh sé chloig nua sa túr. Is féidir iad seo a bhualadh Ie h-obair láimhe nó go meicniúil. Idir na bliana 1987 agus 1993 rinneadh athchóiriú mór ar an eaglais a chosain 1.25 milliúin punt.

 

D'adhraigh Máire Banríon na n-Albanach san eaglais seo agus thug John Knox seanmóir uaidh anseo. Coróineadh leanbh Mháire, Séamus a sé na h-Albaine, san eaglais seo ar an 29ú Iúil 1567. Bhí an leanbh céanna mar Rí Séamus 1 ar Shasana tar éis bháis na Banríona Eibhlis. Is í seo an t-aon eaglais sa Bhreatain, a úsáidtear go rialta, toabh amuigh de Mhainistir Westminster i Londain, inar thárla coróiniú.